"Beidh mé ar ais sa mbaile um thrathnóna", arsa Daideo Béar le Mamó Béar. "Beidh lá deas ciúin agam ag iascaireacht cois abhann".
Ach ní raibh Mamó Béar sásta nuair a chuala sí an chaint seo. "Ní thuigim cén fáth go gcaitheann tú lá iomlán sa bhfuacht cois abhann. Nach gceapfá go mbeadh ciall agat agus tusa aosta agus críonna? Gheobhaidh tú drochshlaghdán - sin a tharlóidh. Agus beidh ormsa dul suas agus teacht anuas an staighre arís agus arís eile chun mil, líomóid agus anraith a thabhairt duit. Ní thuigim cén fáth nach féidir leat fanacht cois tine sa mbaile agus an nuachtán a léamh mar a dhéanann gach Daideo Béar eile", a dúirt Mamó Béar leis.
"Caithfidh mé mo chóta mór, a stór," arsa Daideo Béar agus é ag dul amach an doras. Bhí sé ag súil le lá breá, fada, ciúin cois abhann ag smaoineadh ar an iasc mór ramhar a bhí ag snámh san uisce.
Bhí an lá go hálainn. Tháinig Daideo Béar ar áit álainn ciúin. Bhí crainn taobh thiar dó agus an abhainn os a chomhair amach. Ní bheadh ar chumas aon bhéar eile é a fheiceáil agus cur isteach air. Thóg sé amach a stóilín iascaireachta. "Ciúnas agus síocháin," ar seisean os íseal.
Cúig nóiméad ina dhiaidh sin chuala sé casacht taobh thiar de. Ba bheag nár thit sé den stóilín. "Mise atá ann," arsa Brúno Béar. Bhí cónaí ar Bhrúno beag ar an mbóthar céanna. "Bhí imní ar Mhamó Béar go mbeadh do chluasa ag éirí fuar. Seo dhuit do hata." Ní raibh Daideo feargach le Brúno.
"Go raibh míle maith agat, a Bhrúno," arsa Daideo Béar. Abair le Mamó go gcuirfidh mé ar mo cheann é anois díreach. Abhaile leat agus bí ag imirt."
Ar aghaidh le Daideo leis an iascaireacht. Bhí an hata go te, teolaí ar a cheann. Bhí sé ag smaoineamh ar an iasc a bhí san uisce. Dhúisigh sé go tobann. "Cén chaoi a bhfuil tú, a bhuachaill?" a chuala sé ina chluais chlé.
Peadar, a chara ón teach béaldorais, a bhí ina sheasamh in aice leis. "Ní gá duit screadach i mo chluais," arsa Daideo. "Seo duit do scairf."arsa Peadar. "D'iarr do bhean chéile orm é a thabhairt duit mar go bhfuil an ghaoth sin an-fhuar. Lig dom an scairf a chur timpeall do mhuinéil."
"Ná bac," arsa Daideo Béar. "Déanfaidh mé féin é." Chuaigh Peadar abhaile.
Thosaigh na héin, a bhí sna crainn ar bhuach na habhann, ag cantain. Bhí an t-aer go hálainn folláin. "Nach iontach an saol é!" arsa Daideo Béar. Ansin chuala sé torann gránna. Liam Béar, mac deartháir leis a bhí ann, ag marcaíocht ar a ghluaisrothar mór. "Cad atá á dhéanamh agat?," a d'fhiafraigh Daideo le huafás ina ghuth. "Níl cead agat an gléas sin a thabhairt anseo!"
"Tá brón orm," arsa Liam, "ach d'iarr m'aintín orm anraith te a thabhairt chugat mar lón. Bhí faitíos uirthi go n-eireodh sé fuar. Sin an fáth gur tháinig mé anseo ar mo ghluaisrothar."
Lig Daideo Béar osna fhada as. Ach fuair sé boladh an anraith agus tháinig an t-ocras air. Thóg sé an buidéal anraith ó Liam. "Go raibh míle maith agat," arsa Daideo Béar. "Bailigh leat ar an ngluaisrothar damanta sin anois. Scanróoidh tú na héisc go léir!"
Nuair a bhí Daideo Béar ina aonar arís bhlais sé an anraith. Bhí sé an-te agus an-bhlasta. Nuair a bhí sé ólta aige bhí a bhoilgín lán agus agus a chroí sona. Bhí rún aige codladh beag a dhéanamh ar bhruach na habhann nuair a d'airigh se lámh ar a ghualainn. "An bhfuil tú ceart go leor, a dhuine uasail?", a chuala sé. Máirín, a bhí ag obair sa siopa, a bhí ina seasamh in aice leis.
"Táim ar fheabhas, buíochas le Dia," arsa Daideo. "Cén fáth go bhfuil tusa anseo?", a d'fhiafraigh sé di. "Tá a fhios ag Mamó Béar go dtéim ag siúl cois abhann gach tráthnóna," arsa Máirín , "agus d'iarr si orm roinnt ceapairí a thabhairt chugat. Is ceapairí tráta agus cúcamar iad agus tá siad go hálainn." "Go raibh maith agat arís," arsa Daideo. D'imigh Mairín léi.
D'ith Daideo Béar ceann de na ceapairí. Bhí an tráta agus an cúcamar an-bhlasta. Chonaic sé duilleog ag snámh thairis ar bharr an uisce. Bhí sé sona sásta. Chuir torann rothair isteach ar a smaointe. "In ainm Chroim!", arsa Daideo, "bheadh níos mó síochána agam i lár na sráide sa mbaile mór". Brian, an fear garáiste, a bhí ar an rothar. "Táim ar mo bhealach abhaile," a dúirt sé, "agus d'iarr do bhean chéile orm do chuid láimhíní a thabhairt duit. Is gá a bheith an-aireach, go fiú ar lá mar seo."
"Nach tusa atá cineálta," arsa Daideo Béar. "Bhí mé ar tí mó chuid stuif a bhailiú agus dul abhaile."
"Táim ar ais abhaile, a chroí," arsa Daideo Béar nuair a shiúil sé isteach i halla a thí. Tháinig Mamó Béar amach chun fáilte a chur roimhe. "An raibh lá deas agat, a stór?" a d'fhiafraigh sí. " An bhfuair tú aon ní?" Lig Daideo osna as. "Níor rug mé ar thada, go fiú ar shlaghdán!
Cliceáil ar 'File' agus 'Print' chun an scéal seo a phriontáil.