4. Leathanach oibre - An pholaitíocht agus daoine aosta in Éirinn

Ta daonra 3.5 milliún duine in Éirinn. Tá timpeall ar 414,000 duine os cionn 65 bliain d'aois, is é sin 11% den daonra iomlán.

Tá roinnt cumainn scoir ghníomhacha ann. Tá siad bainteach le Cónaidhm na gCumann Gníomhaíochta Lucht Scoir. Is í an aidhm atá leis na cumainn seo ná cur le saol sona, taitneamhach na tréimhse scoir. Bíonn siad ag plé le cúrsaí caitheamh aimsire agus oideachais don chuid is mó. Ní bhíonn aon aidhmeanna polaitiúla acu ach saol na ndaoine aosta ina gceantar a fheabhsú.


Is iomaí eagraíocht atá ann a dhéanann freastal ar riachtanais phinsinéirí:

  • Bíonn cumainn phinsinéirí ag comhlachtaí agus ag ceardchumainn oibre freisin. Ina measc tá Guinness, BSL, agus An Garda Síochána, Cumann Múinteoirí Éireann agus Comhairle Cheardchumann Bhaile Átha Cliath.
  • Tá thart ar tríocha cumann pinsinéirí nasctha le le Cónaidhm na gCumann Gníomhaíochta Lucht Scoir. Déanann an cumann seo iarracht dul i bhfeidhm ar an Rialtas maidir leis na cinnithe a dhéantar i leith daoine aosta i gcúrsaí pinsean, cánach agus cúram sláinte.

Cuireann An Chomhairle Náisiúnta um Aosú agus Daoine Aosta comhairle ar an Aire Sláinte maidir le gach gné den aosú agus de chúram na ndaoine aosta. Tugann an An Chomhairle faoi dhearcadh an phobail, i leith daoine aosta, a athrú. Is cumann náisiúnta Aostacht agus Deiseannaatá ag obair chun meon an phobail i leith daoine aosta a athrú freisin.

Pairlimint na Saoránach Sinsearacha ar iarraidh guth aontaithe a thabhairt do na grúpaí agus do na cumainn go léir atá ag obair ar son daoine aosta. Bíonn an Phairlimint seo ag plé le ceisteanna faoi thuarastail, teacht isteach, pinsin, cúrsaí sláinte agus córais iompair. Bunaíodh Cumann Daoine Breacaosta na hÉireann, na sa bhliain 1990 agus tá an cumann seo ag obair chun go dtuigfidh pobal na tíre ról daoine aosta sa tsochaí.

Níor tharla aon iarracht fós gluaiseacht pholaitíochta ar leith do dhaoine aosta a bhunú in Éirinn. Níl tábhacht pholaitiúil fós le ceisteanna a bhaineann le daoine aosta, de réir dealraimh. Tá seans maith ann go dtiocfaidh athrú ar an scéal sa triocha bliain romhainn de réir mar a thagann méadú ar líon na ndaoine aosta i gcomparáid le daonra na tíre. Ceaptar go mbeidh 22% den daonra os cionn 65 bliain d'aois faoin mbliain 2036.


Ceisteanna

  1. Cén céatadán den daonra in Éirinn atá os cionn 65 bliain d'aois?
  2. Cén obair atá idir lámha ag An Chomhairle Náisiúnta um Aosú agus Daoine Aosta?
  3. Cén céatadán den daonra a bheidh os cionn 65 bliain d'aois faoin mbliain 2036?
  4. Cén aidhm atá ag Aostacht agus Deiseanna agus céard iad na himeachtaí a bhfuil baint aige leo? Féach ar na gníomhaíochtaí do Rang 3 agus 4 atá ar an Dlúthdhiosca léamh amháin (CD-ROM) seo chun cabhair a fháil.
  5. Déan iarracht Láithreán gréasáin a aimsiú d'Aostacht agus Deiseanna. Liostáil na gníomhaíochtaí go léir a bhfuil baint acu leo?
  6. Déan iarracht teacht ar an méid eolais atá ann faoi Phairlimint na Saoránach Sinsearach. Liostáil ainmneacha príomheagraithe na Pairliminte. Fiafraigh de do thuismitheoirí agus de do sheanathair/sheanmáthair an aithníonn siad aon duine atá ar an liosta - mar go raibh roinnt de na daoine seo gníomhach i gcúrsaí polaitíochta agus ceardchumann roinnt blianta ó shin.

SiarDún