Scríobhadh an t-alt seo faoi pháirtí polaitíochta, Páirtí an Lucht Oibre, sa Bhreatain. De réir an ailt deirtear nach mian le tromlach na dTeachtaí Pairliminte dul ar scor. Ní gá dóibh dul ar scor mar nach bhfuil scor éigeantach ann do Theachtaí Pairliminte. Ach tá baill áirithe de Pháirtí an Lucht Oibre ag iarraidh go rachadh na teachtaí aosta ar scor chun go dtoghfaí teachtaí níos óige don Phairlimint.
Tá seanfhondúirí Pháirtí an Lucht Oibre i Sasana ag cur i gcoinne brú ó cheannairí an pháirtí dul ar pinsean agus deis a thabhairt do theachtaí níos óige suí sa Phairlimint. Tá an chéad ghlúin eile á réiteach do shaol an Teachta Pairliminte.
Bhí oifigí sinsearacha Pháirtí an Lucht Oibre den tuairim go rachadh tromlach de na teachtaí pairliminte aosta ar scor roimh an toghchán deiridh. Ach ní bhogfaidh na seanfhondúirí. Tá rún acu go léir seasamh sa chéad toghchán eile a bhfuil súil leis sa bhliain 2001.
Tá Margaret McDonagh, Rúnaí an Lucht Oibre, tar éis dul chun cainte le teachtaí sinsearacha an pháirtí chun fios a bheith aici an rachaidh siad ar scor. Fuair sí freagraí diúltacha ón chuid is mó acu.
Tá roinnt de Theachtaí Pairliminte an Lucht Oibre atá os cionn 65 bliain d'aois atá ag seasamh lena gceart dul ar aghaidh arís mar iarrthóirí sa chéad toghchán eile. Tá aonar déag, a bheidh os cionn 70 bliain d'aois i rith tréimhse na céad pairliminte eile, ag seasamh lena gceart freisin.
Deir Paul Flynn, atá 64 bliain d'aois, Teachta Pairliminte an Lucht Oibre do Newport Thiar, nach bhfuil a chomhghleacaithe sásta a admháil go bhfuil a rás rite. "Ní ghlacfaidh éinne leis go bhfuil siad réidh le dul ar scor", arsa Paul. "Creideann siad go léir nach bhfuil a seal acu fós".
Deir Gwyneth Dunwoody, atá 68 bliain d'aois, atá mar Theachta Pairlimint le 29 bliain anuas "Táim ag fanacht anseo go mbeidh mé 110 bliain d'aois le teann cantail".
Ceisteanna: