1. Leathanach oibre - Polaiteoirí in Éirinn agus sa Bhreatain

Tá Páirtí an Lucht Oibre ar cheann de na páirtithe polaitíochta is mó sa Bhreatain. Sa bhliain 1999 bhí ochtar déag dá dTeachtaí Pairliminte os cionn 65 bliain d'aois.

Freagair na ceisteanna seo. Bain úsáid as próiseálaí focal nó as scarbhileog, más féidir leat. Beidh roinnt de na freagraí le fáil ar an Idirlíon nó i gciclipéid.

Ceisteanna

  1. Bhí 415 Teachta Pairliminte de Pháirtí an Lucht Oibre i bPairlimint Westminster i mí Lúnasa 1999. Cén céatadán den iomlán a bhí os cionn 65 bliain d'aois?
  2. Cad é daonra na Breataine Móire?
  3. Cén céatadán den daonra iomlán atá os cionn 65 bliain d'aois?
  4. Cén chomparáid atá idir céatadán na dteachtaí aosta agus céatadán na ndaoine aosta sa phobal? Léirigh an t-eolas seo ar bharra chairt.
  5. Déan roinnt taighde ar chúrsaí in Éirinn. I dtús báire fiosraigh cad é líon na dTeachtaí Dála atá i nDáil Éireann.
  6. Cé mhéad de na TD seo atá os cionn 65 bliain d'aois agus cárb as iad?
  7. Cad é daonra na hÉireann?
  8. Cé mhéad de dhaonra na tíre atá os cionn 65 bliain d'aois?
  9. Cén chomparáid atá idir céatadán na dTeachtaí Dála aosta agus céatadán na ndaoine aosta sa phobal? Léirigh an t-eolas seo ar bharra chairt.
  10. Déan comparáid idir cairt na Breataine agus cairt na hÉireann. Cé acu den dá thír is mó a bhfuil líon na dteachtaí os cionn 65 bliain d'aois?
  11. Ar mhapa na hÉireann déan na dáilcheantair a thogh Teachta Dála aosta a dhathú.

Ar aghaidh