|
Tá Máire
agus Eoin Ó Murchú 74 agus 75 bliana d'aois, faoi seach.
Faigheann an bheirt acu pinsean de £150 mar iomlán in
aghaidh na seachtaine. Is leo a dteach. Ta úllord agus gairdín
beag taobh leis an teach. Tá dhá pheata acu - Spota an
madra agus Clúmhach an cat. Cónaíonn a n-íníon
agus a fear céile i mbaile beag atá deich míle síos
an bóthar. Tá beirt pháiste acu siúd.
Seo an gnáthliosta
siopadóireachta a bhíonn ag Máire agus ag Eoin
gach seachtain: |
 |
- 5 líotar
bainne éadrom agus 14 cartán iógart
- 1 bhuidéal
beag ola olóige
- 3 bhuilín
arán donn agus paicéad leite
- 1 sicín
- Iasc - úr
agus stánaithe
- Torthaí
agus glasraí, brioscaí do chuairteoirí
- Plúr
agus margairín do phíóga úll
- 14 canna stáin
- bia don chat agus don mhadra
|
|
Bíonn
costais eile ar Mháire agus ar Eoin, dar ndóigh:
- Leictreachas,
ola don chóras teasa, gual agus brícíní
don tine
- Caitheamh
aimsire: Nuachtáin, irisí, leabhair agus corr thuras
- Éadach:
Caitheann siad thart ar £500 in aghaidh na bliana. Caitheann
siad an chuid is mó den airgead ar bhróga agus ar chótaí.
- Tacsaithe: Ní
acmhainn dóibh carr a cheannach agus cé go bhfuil siad
i dteideal saorthaisteal a fháil níl aon chóras
iompair poiblí ar fáil a dhéanann freastal ar a
mbaile.
- Bronntanais
do bhreithlaethe, don Nollaig, agus d'ócáidí
eile. Déanann siad coigilt rialta chun go mbeidh ar a gcumas
na bronntanais seo a cheannach ach tagann a ngarpháistí
ar cuairt chucu go rialta agus taitníonn na turais seo go mór
leis na páistí. Ach bíonn brú breise ag
baint leis na cuairteanna seo freisin. Bíonn bréagáin
ag teastáil i gcónaí ón bpáiste
is óige gan aon tuiscint aige ar chostas mór na mbréagán
seo.
|
Ceisteanna:
- An bhfuil go
leor airgid ag Máire agus ag Eoin chun caighdeán sásúil
maireachtála a bhaint amach?
- Cá
bhfaigheann siad a gcuid airgid?
- An mbeadh
orthu ullmhú d'aon teagmhas, a bhainfeadh dá n-airgead
taisce?
- Cad a d'fhéadfaí
a dhéanamh le cur lena n-ioncam?
- Cad a d'fhéadfaí
a dhéanamh chun breis airgid a thabhairt dóibh?
- Cad é
do bharúil faoin mbia a itheann siad? An bhfuil bia folláin
á ithe acu?
- Tá iníon
Mháire agus Eoin dhá scór bliain anois. Cén
pleanáil ba ghá di a dhéanamh anois chun réiteach
dá blianta scoir agus dá seanaois féin sa tslí
is go mbeidh go leor airgid aici féin?
|
|
Fiosraigh
- Fiosraigh cad
é an costas ar na hearraí go léir atá
luaite sa liosta siopadóireachta. Cad é an costas iomlán
atá ar na hearraí go léir?
- Fiosraigh
faoi aon chabhair bhreise a bhfuil Máire agus Eoin i dteideal
a fháil. An bhfuil siad i dteideal, mar shampla, cárta
liachta nó cabhair bhreise airgid a fháil a chuirfidh
ar a gcumas na billí a íoc?
|
|