Tá Máire 77 bliain d'aois. Tá sí ina cónaí ina haonar. Tá sí tar éis filleadh ón ospidéal. Bhí sí san ospidéal mar gur bhris sí a rúitín. Thit sí taobh amuigh den ollmhargadh nuair a bhí sí ag dul isteach ann chun siopadóireacht na seachtaine a dhéanamh. Tá cónaí ar Mháire i dteach dhá stór ach tá sí tar éis cinneadh a dhéanamh gur i seomraí an bhunurláir a fhanfaidh sí feasta. Níl ar a cumas an staighre a dhreapadh.
Tá ceithre sheomra ar an mbunurlár - cistin, seomra suí, parlús agus seomra stórais.
Déan do mhachnamh agus athchóirigh:
Déan athchóiriú ar na ceithre sheomra thíos staighre sa chaoi go mbeidh Máire sona, sócúlach agus sásta. Beidh seomra ina mbeidh leithreas agus cithfholcadh uaithi thíos staighre. Tig leat an t-athchóiriú a dhéanamh ar bhealach ar bith is mian leat an fhad is go mbíonn ar chumas Mháire saol sócúlach a chaitheamh gan bacadh leis an chéad urlár.
Déan an plean ar pháipéár A3. Ná déan dearmad an córas teasa, na soilse, cúrsaí cócaireachta agus béilí, breathnú ar an teilifís agus aon ghníomhaíocht laethúil eile a bheadh ar bun ag Máire. An mbeadh áit ann d'ainmhí agus do phandaí, mar shampla? Cad eile a chuirfeá sna seomraí chun an teach a mhaisiú ar an mbealach is deise?
Déan an obair seo i ngrúpaí ina mbeidh idir beirt agus ceathrar. Sula dtosnaíonn sibh déan liosta de na rudaí atá tábhachtach agus nach bhfuil inghlactha i bpleanáil tí do dhuine aosta. Ná bíodh drogall oraibh cabhair a lorg ón múinteoir.
Cuir na pleananna ar taispeáint sa seomra ranga sa chaoi is go mbeidh sibh in ann pleananna a chéile a fheiceáil agus a phlé. Beidh tuairimí difriúla ag gach dalta faoin bplean is fearr agus mar sin, ná déan dearmad go bhfuil gach plean chomh maith lena chéile.