Tabhair cuireadh do dhuine aosta amháin nó do dhaoine aosta, a bhfuil spéis ar leith acu in ábhar éigin, an eolaíocht, mar shampla, teacht ar cuairt go dtí an seomra ranga. Roghnaigh gné éigin den ábhar atá suimiúil daoibh araon - an timpeallacht áitiúil, cur síolta nó garraíodóireacht, mar shampla.
Má tá rang eolaíochta ag teacht a mbeidh staidéar á dhéanamh ann ar an dúlra áitiúil iarr ar do mhúinteoir cuireadh chun na scoile a thabhairt do dhuine aosta éigin a bhfuil suim mhór agus eolas ar leith acu faoi ainmhithe agus faoi phlandaí an cheantair. D'fhéadfaí fanacht sa seomra ranga nó dul ar thuras chuig sruthán, abhainn, portach, trá, páirc nó riasc sa cheantar. D'fhéadfadh an duine aosta míniú a thabhairt don rang ar an gcaoi a dtéann an timpeallacht i bhfeidhm ar ainmhithe agus ar phlandaí na háite.