Comóradh míosa a cheiliúrann cruthaíocht daoine aosta is ea "Bealtaine". Cuireann an fhéile daoine aosta a spreagadh le bheith páirteach in imeachtaí ealaíona, mar aon le cumas daoine aosta sna healaíona a aithint agus cearta daoine aosta a bheith páirteach sna healaíona céanna a chur chun cinn.
Bíonn oifigí ealaíona, cumainn ealaíona, grúpaí daoine aosta agus cumainn áitiúla eile ag obair as lámha a chéile chun "Bealtaine" a chur chun cinn mar ócáid mhór, thábhachtach. Bhíodh féile mhór ann sa tír seo i dtús mhí na Bealtaine fadó ina ndéanfaí séasúr an Earraigh, athnuachan agus athfhás an dúlra agus úire an tséasúir a chomóradh.
Déanann na grúpaí go léir a ghlacann páirt san fhéile a gcuid imeachtaí féin a eagrú - ar nós imeachtaí drámaíochta, taispeántais cheardaíochta, ceolchoirmeacha agus turais chuig músaeim.
Ceisteanna
Freagair na ceisteanna seo a leanas. Bain úsáid as an bpróiseálaí focal nó déan an obair i do chóipleabhar.

