Cónaíonn an chuid is mó de dhaoine aosta na hÉireann ina dtithe féin. Is í an aidhm atá romhainn ná go bhfanfadh 90% de dhaoine os cionn 75 bliain d'aois ina dtithe féin. Tá sé den tábhacht, mar sin, go gcuirfí cabhair ar fáil chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine aosta fanacht ina dtithe féin.
Is le daoine aosta a dtithe féin, den chuid is mó. Tá 14,000 tithe do dhaoine aosta faoi stiúr an údaráis áitiúil - is le bardas nó le comhairle chontae na tithe seo.
Cuireann an Rialtas airgead ar fáil chun cabhrú le daoine aire a thabhairt dá dtithe agus caoi a chur orthu, sa chaoi is gur féidir leo leanúint ar aghaidh ag maireachtáil iontu. Mar shampla:
Tig le daoine aosta cur isteach ar na deontais seo chun a dtithe a athrú. Ar an gcaoi seo beidh na tithe curtha in oiriúint dóibh de réir mar a théann siad in aois. Má bhíonn fadhb ag daoine aosta dul in airde staighre, mar shampla, tig leo deontas a fháil chun seomraí leapa agus leithris a chur thíos staighre.
Tá méadú mór tagtha ar scéimeanna tithíochta deonacha le blianta beaga anuas. Déanann pobal áitiúil cinneadh tithe do dhaoine aosta a thógáil ina gceantar. Cuireann an rialtas 90% de na costais tógála ar fáil. Tá sciath-thithíocht mar chuid den scéim seo. Is é atá i gceist anseo ná scéim tithíochta do dhaoine aosta le seirbhísí agus cúram comhchoiteann san áireamh, mar shampla béilí-ar-rothaí.
Cuirtear béim níos mó ar a leithéid seo:
Obair i ngrúpaí beaga:
Freagair na ceisteanna seo, le cabhair an ríomhaire nó i gcóipleabhar. Bain úsáid as aon eolas atá bailithe i do cheantar féin mar chabhair duit: