Tomás is ainm dom. Táim 75 bliana d'aois. Dhá bhliain ó shin scríobh mé chuig An Roinn Oideachais agus Eolaíochta ag fiafraí an bhféadfainn dul ar ais ar scoil. "Cinnte", a scríobh siad sa litir a chur siad ar ais chugam , "tig leat agus fáilte. Seo chugat liosta de ranganna oíche atá ar siúl i do cheantar." Dúirt mé leo nach ranganna oíche a bhí uaim ach freastal ar scoil cheart mar go raibh an oiread sin a bhí le foghlaim agam faoi go leor ábhair. Ansin theastaigh uaim níos mó fós a fhoghlaim faoi chúpla ábhar.
"Téigh go dtí an leabharlann ", a dúirt siad. "Tá leabhair faoi gach ábhar sa leabharlann." Dúirt mise go raibh an leabharlann ceart go leor ach gur theastaigh uaimse duine a bheith ar fáil chun treoir a chur orm. Agus níor theastaigh uaim leabhar mór a léamh chun tuiscint a fháil an bhfuil ábhar éigin suimiúil nó nach bhfuil.
D'fhiafraigh siad díom cé na hábhair a raibh suim agam iontu. D'fhreagair mé nach raibh a fhios agam go dtí go mbeadh blas beag faighte agam ar an Tíreolaíocht, an Stair, an Mhatamaitic, plandaí, ainmhithe, réalta, an Ghaeilge agus an Béarla. Ansin déanfaidh mé cinneadh faoi cad a thaitníonn liom agus níos mó a fhoghlaim faoi sin. Theastaigh uaim freastal ar scoil cheart, áit a bhféadfainn gach rud a fhoghlaim. Theastaigh uaim dul ann ar feadh an lae, gach aon lá. "Níl aon scoil mar sin ann duitse", a dúirt siad liom.
"Níl sé sin fíor" arsa mise. "Tá scoil trasna an bhóthair in aice le hoifig an phoist. Ba mhaith liom freastal ar an scoil sin in éineacht leis na páistí. Ba mhaith liom obair bhaile a dhéánamh gach oíche agus é a fháil ar ais ón múinteoir agus é ceartaithe an lá dar gcionn. Ach b'fheidir nach mbéinn in ann cluichí a imirt"
Nuair a chuala siad é sin rinne siad gáire. "Ach táim lándáiríre", a dúirt mé. Nuair a thuig siad go raibh mé dáiríre cheap siad go raibh mé as mo mheabhair. Dúirt siad nach bhféadfainn é a dhéanamh mar nach raibh sé ceadaithe. B'shin deireadh an scéil.
Bhí an-díomá orm.
Freagair na ceisteanna seo. Bain úsáid as próiseálaí focal nó scríobh na freagraí i do chóipleabhar.