5: Cé mhéad? - Téann Daideo agus Colm go dtí an phictiúrlann

Thug Daideo a gharmhac, Colm, go dtí an phictiúrlann. Cosnaíonn an ticéad duine fásta £4.50 de ghnáth agus cosnaíonn an ticéad páiste £3. Ach níor íoc Daideo ach £2 ar a thicéad féin de bharr go bhfuil ráta íslithe ann do dhaoine aosta. Bhí 60p ar thicéad bus Choilm. Bíonn costas £1 ar an ticéad bus do dhaoine fásta ach ní raibh aon chostas ar Dhaideo de bharr gur féidir leis taisteal saor in aisce ar an mbus.

Cheannaigh Daideo grán rósta, a chosain £3, ar an mbealach go dtí an phictiúrlann. Cheannaigh Colm cupán caife a chosain 60p agus deoch dó féin a chosain 70p. Ar an mbealach abhaile, cheannaigh Daideo burgair agus sceallóga a chosain £3.50 an duine.

Ceisteanna

Cliceáil ar bhosca agus iontráil an freagra ar gach ceist. Iontráil an freagra mar seo: 10.40.

  1. Cé mhéad airgid a chaith Daideo agus Colm in iomlán? £
  2. Cé mhéad airgid a chaith Colm? £
  3. Cé mhéad airgid a bhí ar na ticéid phictiúrlainne? £
  4. Cé mhéad airgid a chaith Daideo? £
  5. Cén briseadh a bhí fágtha ag Daideo as £20? £.

    Dá mba rud é go ndeachaigh Brian, deartháir Choilm, go dtí an phictiúrlann leo freisin.

  6. Cén costas breise a bheadh ar an turas?Tá Brian 9 mbliana d'aois. Ná dearmad na costais go léir : an bus, na ticéid phictiúrlainne, an deoch sa phictiúrlann agus an béile ar an mbealach abhaile. £

SiarAr aghaidh