Déanfaidh grúpaí oibre comparáid idir an caitheamh aimsire a bhíodh ag daoine aosta nuair a bhí siad féin óg agus an caitheamh aimsire atá ag páistí na linne seo. Fiafraigh de dhaoine aosta cén caitheamh aimsire a bhí acu nuair a bhí siad féin óg - ag an aois chéanna libh féin. Fiafraigh de dhaoine óga cén caitheamh aimsire a thaitníonn leo sa lá atá inniu ann.
Ba chóir do gach grúpa labhairt le sé pháiste déag agus leis an líon céanna daoine aosta agus an caitheamh aimsire a luann gach éinne a bhreacadh síos. Nuair a fhilleann sibh ar an seomra ranga cuir an t-eolas a bhailigh sibh le chéile ar an ríomhaire. Fiosraigh na ceisteanna seo:
Léirigh na torthaí ar bhealach éigin - ar bharrachairt , mar shampla.
Déan comparáid le torthaí na ngrúpaí eile.
Má tá Láithreán Gréasáin scoile ann iarr cead ar do mhúinteoir na torthaí a fhoilsiú air. Tabhair cuireadh do scoil eile tionscnamh mar é a dhéanamh agus na torthaí a chur i gcomparáid le chéile. Bheadh sé suimiúil, mar shampla, comparáid a dhéanamh idir na torthaí ó scoil tuaithe agus torthaí scoil chathrach.