|
Cónaíonn
daoine aosta, a bhaineann úsáid as ríomhairí,
in áiteanna difriúla. Cónaíonn cuid acu i
dtithe banaltrais, cuid eile ina n-aonar agus cuid eile fós sa
mbaile lena muintir. Tá cuid acu folláin agus cuid eile
lag. Scríobhann cuid acu scéalta a mbeatha ar na ríomhairí
agus baineann na daoine aosta eile úsáid as an idirlíon
agus as ríomhphost.
Ceisteanna
Freagair na
ceisteanna seo le cabhair ón bpróiseálaí
focal nó i do chóipleabhar.
- Cén
uair a thosaigh an tionscnamh speisialta i dTuaisceart na hÉireann?
- Cén
t-eolas atá agat faoi na daoine a bhí sa chéad
rang?
- Cár
fhoghlaim siad conas úsáid a bhaint as ríomhairí?
- An bhfuil aon
eolas agat faoi na daoine aosta eile a úsáideann ríomhairí?
- Cén fáth
go gceapann tú go mbaineann daoine aosta taitneamh as ríomhairí
a úsáid?
- Cén úsáid
a bhaineann daoine aosta as ríomhairí? Liostáil
na smaointe atá agat.
- An bhfuil
aithne agat ar aon duine aosta a úsáideann ríomhaire?
Scríobh cúpla abairt ag cur síos ar an úsáid
seo.
|