1. Leathanach oibre - Cá gcónaíonn daoine aosta in Éirinn?

Béidh cóip de mhapa na hÉireann, a bhfuil na contaetha le feiceáil air, ag teastáil uait don obair seo.

Cliceáil anseo chun eolas a fháil ar líon na ndaoine, os cionn 65 bliana d'aois do gach 100 duine, atá ina gcónaí i ngach ceann de na sé chontae is fiche. Tig leat an t-eolas seo a phriontáil.

Bain úsáid as an eolas chun an obair seo a dhéanamh:

  1. Ar mhapa na hÉireann scríobh líon na ndaoine aosta, (os cionn 65 bliana d'aois) as gach 100 duine, atá ina gcónaí i ngach ceann de na sé chontae is fiche (26).
     
  2. Cuir na dathanna seo ar na contaetha le pinn luaidhe dhaite nó le criáin :

Féach ar do mhapa agus freagair na ceisteanna seo:

  1. An bhfeiceann tú pátrún sna dathanna?
  2. Cén chuid den tír ina bhfuil na contaetha gorma agus dearga?
  3. Cén chuid den tír ina bhfuil na contaetha buí?
  4. Cén contae ina bhfuil an líon is lú de dhaoine aosta do gach 100 duine sa chontae?
  5. Cén contae ina bhfuil an dara líon is lú de dhaoine aosta do gach 100 duine sa chontae?
  6. Cén contae ina bhfuil an líon is airde de dhaoine aosta do gach 100 duine sa chontae?
  7. Cén contae ina bhfuil an dara líon is airde de dhaoine aosta do gach 100 duine sa chontae?
  8. Cén uimhir de dhaoine aosta is minicí ar an liosta?
Ar aghaidh